Bhí lá iontach speisialta ag na ficheallaithe i dTeach an Ardmhéara ar Márta 28ú. Cé nár tháinig Garry Kasparov is cinnte go raibh go leoir daoine cáiliúla ann chun féachaint ar na troid fichille a bhí ar siúil. Comhghairdeas do gach scoil agus gach dalta a ghlac páirt.Seo Eamon Ryan (Ceannaire an Comhaontas Glas) ag faigh cleacht fichille ó daltaí as Gaelscoil Cholmcille.
Buaiteoirí Comórtas Fichille Cúige Laighean 2014, Gaelscoil Inis Córthaidh le ionadaí Ardmhéara Naoise Ó Muirí (Ardmhéara 2012-13). Beidh siad a faigh na píosaí móra fichille don scoil an bhliain seo chugainn mar a fuair Scoil Bhríde an bhliain seo agus Scoil Aonghusa anuraidh.
Seo Naoise Ó Muirí arís le daltaí ó Gaelscoil Cholmcille. Bhí Naoise an-tógtha leis an chomórtas.
Bhí brú iomlán ar Colm Ó Muireagáin as Aontas Fichille na hÉireann agus é ag obair mar réiteoir sa chomórtas.
Banríon Fichille Comórtas Fichille Cúige Laighean 2014, Seoighe Atkinson as Gaelscoil Naomh Pádraig.
Sea! Sin Úna ag gáire leis an Tánaiste Eamon Gilmore. Bhí Eamon iontach ag measc leis na ficheallaithe.
Bhí na film crews ansin fosta. An-gnóthach i dTeach an Ardmhéara.
Úna caillte i gcaint le Naoise Ó Muirí agus Eamon Gilmore.
Úna ar an guthán le Garry Kasparov agus ag fanacht go foighneach air. Bhí sé greamaithe san aer-phort agus an bagáiste caillte aige. Ó mo dhia! Seo Kieran Rogers, Brendan Corrigan agus Colm Ó Muireagáin agus iad scriosta tar éis an obair dian a rinne siad ag eagrú rudaí don comórtas. Bhí siad dochreidte gan amhras. Míle buíochas laids. Bhí agallaimh déanta ag Úna do TG4 (clár 88; thart ar 4.44) agus Teilifís na hAlban.
Ollie as Gaelscoil Chnoc Liamhna caillte i gcluiche le Eamon Gilmore. Níor dhúirt Eamon le Úna cé a bhuaigh!!!!!!
Na daltaí agus na réiteoirí ag cur allas!
Thug Úna cead do na réiteoirí gaire ag deireadh an lae!?
Bhí sé tábhachtach go raibh ficheallaithe óga speisialta ann ionas gur féidir leis na daltaí ó na Gaelscoileanna cas ar na páistí fichille iontach seo agus chun an ficheall a spreagadh. Seo Conor O’Donnell (14) agus Diana Mirza (13). Bhí Admira Kecskemeti (7), Daniel Dwyer (8) agus foireann Bernadette Stokes (Fiachra Scallan, Pádraig Hughes, Michael Higgins, David Halpenny, Tom O’Gorman agus Ross Beatty) ann fosta.
Seo an foireann Bernadette Stokes le Bernadette Stokes féin. Bhí siad ag imirt ar son ficheallaithe na hÉireann (faoi 12) agus tháinig siad abhaile leis an coróin mór. Iontach ar fad!
Seo cailín beag iontach, Admira as Béal Feirste. Bhí sí mar ceann de na réaltaí fichille agus níl sí ach a 7.
Cas Fiachra Scallan as Scoil Bhríde le Garry Kasparov.
Cinnte go raibh seans ag Úna caint le Garry Kasparov ach tá sé píosa deachair díospóireacht leis!
Timire na gCluichí, Úna O Boyle!
Seo na trófaí ar thug na réaltaí fichille isteach leo. I ndáiríre tá siad an-speisialta ar fad. Ficheall abú!
Is é an smaoineamh iontach.
Dea-mhéin,
John Devereaux
Pingeáil: The FIDE motto “Gens Una Sumus” translates to “We Are one People” : Sunrise – Chess & Games
Scríobh muid scéal gearr faoi FIDE freisin, ar an suíochán uachtaránachta FIDE freisin, Gary Kasparovs cuairt ar Éirinn agus roinnt gnéithe a fheachtas uachtaránachta.
Léigh an scéal le do thoil ar
http://thechesssets.com/the-fide-motto-gens-una-sumus-translates-to-we-are-one-people/