Vicipéid:Maidir leis
John Brabazon (1827 – 1914) agus a Mhuintir
Rugadh John Brabazon i gcomharsanacht an Mhuilinn Chearr i gCo. na hIarmhí sa bhliain 1828. Ba iad Thomas Grattan Brabazon agus Ann Ferguson, a thuismitheoirí. Deichniúr a bhí sa chlann. Protastúnaigh ab ea iad. Adhlacadh athair John i reilig na Ceapaí i Ráth Eoghain, Co. na hIarmhí. De réir cosúlachta bhí baint éigin acu leis an dúiche sin. Ní raibh Thomas ach thart ar dhá scór bliain d’aois nuair a fuair sé bás sa bhliain 1835. Tamall de bhlianta i ndiaidh a bháis, thug a bhaintreach, Ann, aghaidh ar bhaile Hartford i Stát Connecticut, áit ar éag sí i Meitheamh na bliana 1878. Faoin am sin bhí ceathrar mac agus iníon léi ina gcónaí sa bhaile sin. Chomh maith le sin, bhí beirt mhac de chuid John Brabazon féin ag cur fúthu sa stát sin.
Ba í Eliza, a rugadh in Aibreán 1824, an t-aon duine den teaghlach a d’fhan in Éirinn, más fíor d’Eduardo Coghlan. Deir John Brabazon ina dhialann gur phós sí Thomas Canon, duine de mhuintir na háite, agus gurbh í an t-aon duine den chlann nach ndeachaigh thar lear cé is móite d’Ann a phós Henry Gould i mBuenos Aires. Tá an ráiteas seo míchruinn, áfach. Tá craobh ghinealaigh na clainne foilsithe ar an idirlín, a mhaíonn gurbh é Canning a sloinne pósta agus go bhfuair sí bás i Hartford i Stát Connecticut ar an 6ú lá de Mheitheamh 1913. D’fhéadfadh go raibh sí fós in Éirinn nuair a bhí athleagan na dialainne á scríobh ag Brabazon ach ní dócha é. Bhí John beo fós sa bhliain 1914. Dar ndóigh, bhí Jane, deirfiúr eile leis, i mBuenos Aires chomh maith.
Tuairimítear go mb’fhéidir go ndeachaigh Mary go dtí an Spáinn de bhrí go raibh eitinn uirthi, aeráid níos fóirsteanaí do dhuine leis an ngalar úd. Tá sé thar a bheith spéisiúil, áfach, nach luaitear Mary sa chraobh ghinealaigh agus nach ndéantar tagairt ar bith di sa dialann. Is é is dóichí go bhfuair sí bás go hóg.
D’imigh na siblíní eile ar imirce – cuid acu go dtí na Stáit Aontaithe agus an chuid eile go Buenos Aires. Go Hartford i Stát Connecticut a chuaigh Robert, William, Andrew agus Samuel. Tagtar ar leideanna anseo is ansiúd a thugann le tuiscint gur chaith an fear deiridh seo tamall san Airgintín cé nach ndéanann John Brabazon féin tagairt ar bith dó ina dhialann. Bhí fear leis an ainm Samuel Brabazon i mBuenos Aires sa bhliain 1857. Tá fianaise le fáil, áfach, go raibh Samuel, deartháir John, ag cur faoi i Hartford sa bliain 1860. Fuair sé bás ansin in Aibreán na bliana 1905. Bhí Jane, Ann agus Thomas i mBuenos Aires sular bhain John an chathair sin amach. Phós Jane Henry Andrew Daniels, a rugadh in Folkestone in oirdheisceart Shasana, i Mí na Nollag 1844, nuair nach raibh sí ach naoi mbliana dhéag. Deir Brabazon ina dhialann go raibh Daniels ina chaptaen ar long de chuid Mhuintir Casares, soitheach a bhíodh ag trádáil leis an mBrasaíl. Fágadh dífhostaithe é le linn an Imshuí Angla-Fhrancaigh. Ní raibh Jane ach 29 bliain d’aois nuair a fuair sí bás sa bhliain 1854. D’fhág sí beirt pháistí óga ina diaidh – Thomas Daniels, a bhí seacht mbliana d’aois agus Elizabeth Jane Daniels, a bhí ceithre bliana d’aois. Bhí siad óg go fóill nuair a fuair a n-athair bás sa bhliain 1867. Is mór an t-iontas é nach ndéanann Brabazon tagairt ar bith ina athleagan do bhás Jane mar is léir ón dialann go raibh caidreamh an-dlúth eatarthu. Ba mhinic é ar cuairt chuici. Déantar tagairt dí don uair dheiridh sa dialann i Mí Feabhra 1852. Chaith Thomas roinnt blianta i mBuenos Aires chomh maith ach ansin thug sé aghaidh ó thuaidh ar California le linn órthóraíocht na bliana 1849. Níor bhain sé ceann scríbe amach, áfach, go dtí 1850 de dheasca stoirmeacha farraige. Phós sé Mary Agnes Foley, cailín ó Cho. na hIarmhí, ansin. Seachtar clainne a bhí acu. Bhí stóras adhmaid ag Thomas i San Francisco ina bhfostaíodh sé lucht labhartha na Spáinnise. Ní foláir nó go raibh Spáinnis sách maith aige féin mar d’fhostaítí mar fhear teanga é sna cúirteanna sa chathair sin ó am go chéile. Bhí sé féin os comhair na cúirte i gCathair Tulare mar chosantóir i gcúis shibhialta i Mí Mheán Fómhair agus arís i Mí Dheireadh Fómhair na bliana 1900. Ba é P. P. Chamberlin an gearánaí. Tá sé thar a bheith spéisiúil gur bhaist sé na hainmneacha seo leanas ar a chlann mhac – Thomas Grattan Brabazon, Henry Emmett Brabazon, William Wolfton Brabazon, agus Annie Edgeworth Brabazon. Fuair Thomas féin bás i gCathair Tulare i gCalifornia sa bhliain 1905 agus é thart ar cheithre scór bliain d’aois.
Phós Ann Brabazon Henry Gould ó Plymouth Shasana sa bhliain 1851. Seisear clainne a bhí acu –James, Anne, Jane, Thomas, William agus Henry. Bhí stóras ginearálta ag Gould i gcomhpháirt le James Sheridan ar estancia Los Galpones Grandes. Is léir ón dialann nár thaitin Gould le John. Thit John Brabazon féin i ngrá le Honor MacDonnell agus pósadh iad an bhliain chéanna (1951) i bParóiste San Ignacio san ardchathair cé go ndeir an t-údar féin gur pósadh iad i dteach James MacDonnell. Ba é tAthair Antaine Ó Fathaigh a chuir faoi chuing an phósta iad. Tuairimítear gur iompaigh Brabazon ina Chaitliceach chun go bhféadfadh sé a ghrá geal a phósadh. Ceathrar páistí a bhí acu –Tomás (1853), Anne (1854 i San Vicente), John (1857), agus María (1858 i Chascomús). Faraor, dúnmharaíodh Honor agus í fós ina máthair óg sa bhliain 1859, gan í ach cúig bliana fichid d’aois. Bhí Thomás agus John ag cur fúthu i Stát Connecticut sa bhliain 1870. Phós Ann fear darbh ainm Tomás Muñoz. Phós John Brabazon athuair. Ba í Mary Wallace ó Cho. na hIarmhí an dara bean a bhí aige. Fuair sise bás i Ranchos sa bhliain 1897, seacht mbliana déag sular éag Brabazon féin. Is deacair a dhéanamh amach cathain a cuireadh an dlaoi mhullaigh ar an lámhscríbhinn bhunaidh. Tá sé soiléir gur choinnigh John Brabazon cín lae de chineál éigin ar feadh scór bliain ar a laghad ach tá gach cuma ar an scéal go ndearna sé athscríobh agus eagarthóireacht uirthi ag pointe éigin ina shaol. Dá thoradh sin, is meascán de dhialann, de chuimhní cinn, de stair agus de staróga atá sa lámhscríbhinn. Ní nochtann sé a chuid mothúchán mórán inti, fiú nuair a tharlaíonn tubaistí ar nós dhúnmharú tragóideach Anne MacDonnell, a dheirfiúr chéile, agus féinmharú a fir chéile, Patrick Whelan, os comhair a bhotháin amach san aon oíche amháin. Ní dhéanann sé tagairt ar bith do bhás a dheirféar, Jane Daniels, agus í fós ina bean óg in ainneoin go raibh caidreamh dlúth eatarthu. B’fhéidir go raibh tréimhse fhada ama imithe idir na tarlúintí úd agus athscríobh na dialainne. D’fhéadfadh go raibh sé ina seanfhear liath nuair a thóg sé a chín lae as taisceadán deannachúil éigin chun ord agus eagar a chur uirthi le haghaidh na nglúnta a thiocfadh ina dhiaidh. Faoin am sin bhí críonnacht agus gaois na mblianta aige. Bhí taithí aige ar chora crua an tsaoil agus bhí glactha aige leis an saol mar a bhí. Faon am sin, bheadh na braistintí agus na mothúcháin suaimhnithe go mór agus crá croí na luathbhlianta ligthe i ndearmad.
Tréimhse chorrach staire ab ea blianta na dialainne. Bhí an deachtóir cruálach, míthrócaireach Juan Manuel de Rosas ag rialú i mBuenos Aires agus níos déanaí ar an tír go léir. Rialtóir ollsmachtach ab ea é, a bhain feidhm as sceimhlitheoireacht stáit chun an pobal a choinneáil faoi smacht. Nuair a chuir Rosas cosc le trádáil eachtrach ar na haibhneacha intíre, chuir an Bhreatain agus an Fhrainc imshuí ar inbhear Río de la Plata. Dar ndóigh, bhí drochthionchar ag an Imshuí Angla-Fhrancach (1845-1848) ar eacnamaíocht na cathrach agus na gceantar tuaithe máguaird. Déanann Brabazon tagairt ina dhialann do na fir óga agus na mairnéalaigh a fágadh dífhostaithe ag gabháil thart sna ceantair tuaithe ag lorg oibre. Ruaigeadh Rosas as oifig i Mí Feabhra 1852 agus tháinig Justo José de Urquiza i gcumhacht. Níor ghlac muintir na hardchathrach ná pobal Phroibhinse Buenos Aires le hUrquiza agus lean tréimhse fhada chogaíocht eadrannaí, an chathair á cur faoi léigear agus tréigtheoirí ón arm ag cur scéine i bpobal na machairí. Thugann Brabazon cuntas ar eachtraí scanrúla a tharla dó a chuir eagla a anama air. Cuireadh deireadh leis an gcogadh cathartha ag Cath Cepeda sa bhliain 1860 nuair a bhuaigh Bartolomé Mitre, fear a raibh fuil Éireannach ina fhéitheacha, ar Urquiza. Toghadh Mitre ina Uachtarán ar Phoblacht na hAirgintíne aontaithe i Mí Dheireadh Fómhair 1862 agus tháinig cúrsaí polaitíochta chun suaimhnis sa chathair agus sa phroibhinse. Is deacair gan gean a thabhairt do Bhrabazon agus duine ag léamh athleagan na dialainne toisc an t-ionracas agus an mhacántacht atá le sonrú ann. I rith na mblianta tosaigh a chaith sé i mBuenos Aires d’éirigh sé tuirseach de thógáil chaorach agus thaistil sé féin, a dheartháir Thomas, agus cairde leo ar fud dheisceart na proibhinse ag tochailt díog, ag tógáil ranchos, ag déanamh brící nó ag obair mar shiúinéirí. Saol fáin, neamhchinnte gan aon agó ach caithfear a rá nach raibh faitíos ar John roimh obair anróiteach throm. Chaith sé tamall gearr ag díol is ag ceannach táirgí na n-ainmhithe feirme ach d’fhill sé ar an bhfeirmeoireacht chaorach níos déanaí. Bhain sé triail as déiríocht ar feadh scaithimh cé nár éirigh go rómhaith leis. Chaith sé tréimhse gan rath i mbun siopa agus blianta ina bhainisteoir (mayordomo) ar estancia. Toisc nach raibh ann ach déagóir nuair a tháinig sé i dtír i mBuenos Aires, thit sé i ngrá leis an tír nua. Ní thugtar faoi deara oiread na fríde de chumha i ndiaidh an bhaile ina dhialann. Ní léiríonn sé é féin mar imirceach. Bhí an-mheas aige ar na gnáthdhaoine agus bhain sé líofacht de chineál amach sa Spáinnis. Ghlac sé le nósanna agus le feisteas na ngauchos – chiripá, calzoncillos bordados agus botas de potro – agus d’fhreastail sé ar a gcuid fiestas. Faraor, bhí sé ró-mhacánta le bheith ina fhear gnó rathúil sa mhilieu cam, claonach ina raibh sé ag maireachtáil. Dá dheasca sin, chuaigh an saol go tubaisteach ina choinne agus breithníodh ina fhéimheach é. Cuireadh a raibh aige sa saol ar ceant agus fágadh beo bocht é le bean agus ceathrar páistí óga ag brath air sa bhliain 1859. Faraor, in olcas a rachadh cúrsaí. Bhí ar a laghad triúr deirfiúracha ag Honor MacDonnell – Mary, a bhí trí bliana níos sinne ná í, Ellen a bhí pósta le Patrick Gardiner, agus Anne (26), bean chéile Patrick Whelan. I Mí Meán Fómhair 1859, bhuail taom gealtachta an fear deireanach seo agus mharaigh sé Anne le hurchar gunnáin sular chuir sé lámh ina bhás féin le sean-scian mheirgeach. Tharla an dá eachtra seo lasmuigh de bhothán John Brabazon. Ag tús Mhí na Nollag 1859, le linn do John féin a bheith as láthair ag lomadh caorach, dúnmharaíodh Honor agus Mary. Trí bhuille marfacha – triúr deirfiúracha básaithe go foréigneach laistigh de ráithe a chuirfeadh duine daonna ar bith ó rath.
Dá ainneoin sin is uile, sháraigh John Brabazon na bacanna ar fad. B’fhear gnaíúil, lách, macánta é. Ghnóthaigh sé cion agus meas na ndaoine thart air. Bhí sé de bhua aige cairdeas a dhéanamh go héasca le daoine. Bhí na cairde a rinne sé an-dílis dó agus sheas siad leis in am an ghátair. Is é is dóichí gurbh é Don Teodoro Serantes an cara ab fhearr a bhí aige. Ar an drochuair, áfach, scuab an tífeas an fear uasal seo agus a mhac Enrique leis i Meán Fómhair na bliana 1862.
Deir foinse amháin go raibh Brabazon ina Ghiúistís Síochána i Necochea i bhfíordheisceart na proibhinse sna 1890idí. Fuair sé bás i mBuenos Aires i mBealtaine na bliana 1914. Bhí sé bliana agus ceithre scór slánaithe aige. Is é is dóichí go mbeadh John Brabazon agus a chlann ligthe i ndearmad ach amháin gur fhág sé athleagan a dhialainne ina dhiaidh. Lámhscríbhinn í a thugann an-tuiscint dúinn ar na Gaeil nár éirigh go rómhaith leo san Airgintín. Is mór an trua go bhfuil 110 bliain imithe ó d’imigh John Brabazon uasal ar shlí na fírinne agus nach bhfuil leagan Gaeilge ná Béarla dá dhialann le fáil.
Tuilleadh eolais le fáill ó [email protected]