Cúnamh airgeadais do Bhallstáit AE

Tá sásraí cúnaimh airgeadais Eorpacha dírithe ar chobhsaíocht airgeadais an Aontais agus an limistéir euro a chaomhnú, de bharr go bhféadfadh tionchar substainteach a bheith ag anás airgeadais i mBallstát amháin ar chobhsaíocht mhacra-airgeadais i mBallstáit eile. Tá nasc idir cúnamh airgeadais agus coinníollacht mhaicreacnamaíoch, ar iasacht é seachas aistriú fioscach, chun a áirithiú go ndéanann Ballstáit a fhaigheann cúnamh den sórt sin na hathchóirithe fioscacha, eacnamaíocha, struchtúrtha agus maoirseachta a chur i bhfeidhm. Tá na hathchóirithe comhaontaithe agus leagtha amach i ndoiciméid ar leith (meabhráin tuisceana) a fhoilsítear ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin, agus, nuair is ábhartha, ar shuíomh gréasáin an tSásra Cobhsaíochta Eorpach. Mar chuid de fhreagairt an Aontais ar ghéarchéim COVID-19, cuireadh roinnt ionstraimí airgeadais breise ar aghaidh chun cabhrú leis na Ballstáit téarnamh agus a ngeilleagair a dhéanamh níos athléimní.

Príomhchreat dlíthiúil

  • Airteagal 3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE);
  • Airteagail 2-5, Airteagail 119-144 agus Airteagail 282-284 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE);
  • Tá Prótacal 4, 12, 13 agus Prótacal 14 i gceangal le CFAE.

Cuspóirí

Déantar sásraí um sholáthar cúnaimh airgeadais do na Ballstáit a cheapadh chun cobhsaíocht airgeadais an Aontais agus an limistéir euro a chaomhnú. Is buneilimintí iad de chreat níos láidre eacnamaíoch agus rialachais don Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta (2.6.4).

A bhfuil bainte amach

A. I mí na Bealtaine 2010, chuir na Ballstáit sásra cobhsaíochta sealadach ar bun chun a gcobhsaíocht airgeadais a chaomhnú i gcomhthéacs ghéarchéim an fhiachais cheannasaigh. Tá an dá chlár iasachta seo a leanas ann:

1. An Sásra Cobhsaíochta Airgeadais Eorpach (EFSM)

Faoi EFSM, ceadaítear don Choimisiún suas le EUR 60 billiún ina iomláine a fháil ar iasacht sna margaí iasachta thar ceann an Aontais Eorpaigh faoi ráthaíocht bhuiséadach intuigthe an Aontais. Is féidir cúnamh a thabhairt do Bhallstáit uile an Aontais Eorpaigh faoi EFSM.

Cuireadh an sásra seo i ngníomh d’Éirinn, don Phortaingéil agus don Ghréig (mar mhaoiniú idirlinne).

Bunaíodh an Sásra Cobhsaíochta Eorpach (SCE) i mí Dheireadh Fómhair 2012, agus bítear ag dréim leis go rachaidh Ballstáit an limistéir euro ina mhuinín má bhíonn cúnamh airgeadais de dhíth orthu. Tá EFSM fós i bhfeidhm, áfach, chun aghaidh a thabhairt go sonrach ar staideanna eisceachtúla ina n-éilítear go n-úsáidtear é de bharr cúiseanna praiticiúla, nós imeachta nó airgeadais, go hiondúil roimh chúnamh SCE nó ina theannta.

2. An tSaoráid Eorpach um Chobhsaíocht Airgeadais (SECA)

Bhunaigh Ballstáit an limistéir euro SECA i mí an Mheithimh 2010, mar shásra réitigh géarchéime shealadach, a bhfuil acmhainn iasachtaithe éifeachtach foriomlán de EUR 440 billiún aige. Déantar iasachtaí a mhaoiniú trí bhannaí SECA agus ionstraimí fiachais eile ar mhargaí caipitil agus is iad na scairshealbhóirí a ráthaíonn iad (na 17 mBallstát a bhí san limistéir euro nuair a cuireadh SECA ar bun).

Cuireadh an tsaoráid sin i ngníomh d’Éirinn, don Phortaingéil agus don Ghréig. Ó bunaíodh SCE, níor cuireadh aon chúnamh airgeadais breise ar fáil faoi SECA, ós rud é gurb é SCE amháin a chomhlíonann an cúram sin anois.

B. I mí Dheireadh Fómhair 2012, cruthaíodh buansásra tacaíochta i bhfoirm SCE, a bhunú le conradh idir-rialtasach (i.e. lasmuigh de chreat dlíthiúil an Aontais).

Is é SCE an t-aon ionstraim bhuan atá ann faoi láthair chun cúnamh airgeadais a chur ar fáil do Bhallstáit an limistéir euro. Tá acmhainn iasachtaithe éifeachtach de EUR 500 billiún aige. Déantar iasachtaí a mhaoiniú trí iasachtaí SCE ar mhargaí caipitil agus is iad na scairshealbhóirí a ráthaíonn iad (20 Ballstát an limistéir euro).

Tá cúnamh tugtha ag SCE don Spáinn, don Chipir, agus don Ghréig. Rinne an Coimisiún agus SCE nósanna imeachta mionsonraithe a bhunú dá gcaidreamh oibre maidir le cúnamh airgeadais a sholáthar do Bhallstáit an limistéir euro.

Tairgeann an SCE cúnamh airgeadais trí ionstraimí éagsúla iasachtaithe. Mar chuid de fhreagairt an Aontais ar ghéarchéim COVID-19, tháinig Ballstáit an limistéir euro ar chomhaontú maidir le hionstraim shealadach nua – an ionstraim Tacaíochta do Ghéarchéim na Paindéime .

I mí na Samhna 2020, tháinig Ballstáit an limistéir euro ar chomhaontú maidir le hathchóiriú ar Chonradh SCE d’fhonn a mbosca uirlisí agus a sainordú a neartú. Áirítear an méid a leanas ar na príomhathruithe atá beartaithe: cúlstop coiteann a bhunú don Chiste Réitigh Aonair - arna bhunú ag an Aontas chun bainc anásta a réiteach, agus arna mhaoiniú le ranníocaíochtaí ón earnáil baincéireachta - mar líontán sábhála le haghaidh réiteach banc; ról níos láidre maidir le cláir cúnaimh airgeadais a shainiú agus faireachán a dhéanamh orthu; agus ionstraimí breise chun inbhuanaitheacht fiachais a chur chun cinn. Tá an Conradh arna leasú ar feitheamh faoi láthair lena dhaingniú ag Parlaimint na hIodáile sula bhféadfaidh sé teacht i bhfeidhm.

C. An 6 Nollaig 2017, thíolaic an Coimisiún togra chun Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta na hEorpa (AEA) a dhoimhniú, lena n-áirítear chlaochlú SCE ina Chiste Airgeadaíochta Eorpach (CAE).

Eintiteas dlíthiúil uathúil a bheadh in CAE fódaithe laistigh de chreat dlíthiúil an Aontais, agus san am céanna chaomhnófaí struchtúir airgeadais agus institiúideacha SCE. Sa bhreis air sin, dhéanfadh CAE an cúlstad coiteann i gcomhair an Chiste Réitigh Aonair a chur ar fáil, mar chuid den Aontas Baincéireachta. I mí an Mhárta 2019, ghlac an Pharlaimint rún maidir leis an togra ón gCoimisiún. I mí na Bealtaine 2013, tháinig an ‘Dé-Phaca’ i bhfeidhm, atá déanta de dhá Rialachán AE ((AE) Uimh. 472/2013 agus (AE) Uimh. 473/2013) atá infheidhme i ngach Ballstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu. Leis sin cruthaíodh ceann de bhunchlocha chreat eacnamaíoch agus rialachais atá níos láidre laistigh de AEA.

Go háirithe, le Rialachán (AE) Uimh. 472/2013 neartaítear na nósanna imeachta faireacháin agus faireachais eacnamaíocha agus buiséadacha do na Ballstáit áirithe a bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha acu nó a bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha ag bagairt orthu i ndáil lena gcobhsaíocht airgeadais nó le hinbhuanaitheacht a n-airgeadais phoiblí.

Faoin Rialachán sin, féadfaidh an Coimisiún a chinneadh Ballstát a chur faoi fhaireachas feabhsaithe má tá an chosúlacht air go mbeidh éifeachtaí iarmharta ag a dheacrachtaí cobhsaíochta airgeadais ar an gcuid eile den limistéar euro. Ní mór don Bhallstát a iarrann cúnamh airgeadais dréachtchlár coigeartaithe maicreacnamaíoch a ullmhú i gcomhaontú leis an gCoimisiún agus é ag comhoibriú leis an mBanc Ceannais Eorpach agus, i gcás inarb iomchuí, leis an gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (CAI).

Dá bhrí sin, tá nasc idir soláthar cúnaimh airgeadais agus coinníollacht mhaicreacnamaíoch – tacar beart a bhfuil sé mar aidhm leo aghaidh a thabhairt ar fhoinsí éagobhsaíochta. Áirithítear leis sin go ndéanann Ballstáit a fhaigheann cúnamh den sórt sin na hathchóirithe fioscacha, eacnamaíocha, struchtúrtha agus maoirseachta a chur i bhfeidhm.

Déantar cúnamh airgeadais a eisíoc i dtráinsí agus dá bhrí sin, féadfar é a chur ar fionraí mura gcomhlíonann an Ballstát is tairbhí na hoibleagáidí a shainítear sa chlár coigeartaithe.

D. An tsaoráid faoi chomhair chomhardú na n-íocaíochtaí

Ó mhí Feabhra 2002, tá an tsaoráid faoi chomhair chomhardú na n-íocaíochtaí (BoP) ar fáil do na Ballstáit nach bhfuil sa limistéar euro ach a bhfuil srianta airgeadais seachtracha acu nó a bhfuil srianta airgeadais seachtracha ag bagairt orthu.

Is gnách go mbíonn na hiasachtaí i bhfoirm cúnamh airgeadais meántéarmach, i gcomhar le CAI de ghnáth. Braitheann cúnamh airgeadais ar chur chun feidhme na mbeartas atá ceaptha aghaidh a thabhairt ar bhunfhadhbanna eacnamaíocha. Rinneadh cúnamh airgeadais faoi chomhair chomhardú na n-íocaíochtaí a dheonú don Ungáir, don Rómáin agus donLaitvia.

E. Freagairt an Aontais ar COVID-19

I gcás géarchéime COVID-19 in 2020, chuir an tAontas freagairt chuimsitheach chun cinn ina raibh roinnt ionstraimí airgeadais chun tacú le hiarrachtaí na mBallstát an ghéarchéim agus a héifeachtaí a chomhrac. Ina measc siúd, tá an Ionstraim Eorpach le haghaidh Tacaíocht shealadach chun Rioscaí Dífhostaíochta a mhaolú i gcás Éigeandála (SURE) agus NextGenerationEU (NGEU), agus go háirithe tríd an tSaoráid um Théarnamh agus um Athléimneacht (STA).

F. Maoiniú na cosanta

I mí an Mhárta 2025, thíolaic an Coimisiún a Phlean ReArm Europe/Ullmhacht 2030 chun tacú leis na Ballstáit ina n-iarrachtaí chun dlús a chur lena gcumais chosanta tar éis chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine. Mhol an Coimisiún go mbunófaí ionstraim nua, Ionstraim um Ghníomhaíocht Slándála don Eoraip (SAFE), chun suas le EUR 150 billiún d’iasachtaí a chur ar fáil do na Ballstáit le haghaidh infheistíocht i réimse na cosanta. Bheadh na hiasachtaí sin ráthaithe ag buiséad an Aontais Eorpaigh. Sa Pháipéar Bán Comhpháirteach maidir le Todhchaí Chosaint na hEorpa 20230 ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, a bhí ag gabháil leis an togra SAFE, léirítear freisin, sa chás go sáródh an t-éileamh ar iasachtaí SAFE an soláthar, go bhféachfadh an Coimisiún ar ionstraimí eile, lena n-áirítear go bhféadfaí leas a bhaint as SCE mar fhoinse chistiúcháin le haghaidh infheistíocht i réimse na cosanta.

Ról Pharlaimint na hEorpa

Tríd an ‘Dé-Phaca’ a ghlacadh, chabhraigh an Pharlaimint le creat dlíthiúil de chuid an Aontais a bhunú faoi choinne rialachas eacnamaíoch feabhsaithe sa limistéar euro, i dtéarmaí faireachas buiséadach agus an nósanna imeachta cinnteoireachta agus faireachais na mBallstát faoi chlár coigeartaithe eacnamaíoch.

Sa bhreis air sin, tríd an ‘Dé-Phaca’ tá ról grinnscrúdaithe níos doichte ag an bParlaimint sa chaoi is gur féidir leis an gcoiste inniúil cuireadh a thabhairt do na hinstitiúidí lena mbaineann (an Coimisiún, an Grúpa Euro, BCE agus CAI) páirt a ghlacadh in idirphléití eacnamaíocha leis an bParlaimint. Bíonn an ceart chun faisnéis a fháil ag an gcoiste inniúil sa Pharlaimint i roinnt cásanna, eadhon nuair atá clár coigeartaithe maicreacnamaíoch á ullmhú, agus á chur chun feidhme.

In 2023, tháinig an Pharlaimint agus SCE ar chomhaontú maidir le meabhrán comhair (MC) lena mbunaítear creat um chomhar idir an dá pháirtí. Tá sé mar aidhm leis an MC feabhas a chur ar idirphlé idirinstitiúideach idir SCE agus an Pharlaimint agus trédhearcacht agus cuntasacht SCE a fheabhsú. Sonraítear san MC go dtabharfaí choiste inniúil an Pharlaimint cuireadh do Stiúrthóir Bainistíochta SCE páirt a ghlacadh i malartú tuairimí uair sa bhliain ar a laghad. Sonraítear san MC chomh maith cineálacha éagsúla comhair le haghaidh trédhearcacht bhreise, lena n-airítear cuairt neamhfhoirmiúil toscaireachta ar a bhfuil Feisirí ar cheanncheathrú SCE uair sa bhliain agus an fhéidearthacht do Chathaoirleach an choiste inniúil ceisteanna i scríbhinn a sheoladh chuig Stiúrthóir Bainistíochta SCE maidir le hábhair laistigh de raon feidhme SCE.

Thairis sin, tá sainordú ag an bParlaimint grinnscrúdú a dhéanamh ar RRF, go háirithe trí idirphlé rialta maidir le téarnamh agus athléimneacht leis an gCoimisiún agus trína Meitheal ad hoc maidir le RRF.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoin ábhar seo, féach ar shuíomhanna gréasáin an Choiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta agus an Choiste um Buiséid.

 

Giacomo Loi / Maja Sabol